Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Leathanach 048
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do reir sgealta na ndaoine deireann siad linn go raibh amuigh fadó ó shoin fear beag a dtugadh siad air an greasaidhe leipreacáin agus is gnach gur faoí crann beag nú miosúrún a bhíodh sé in a suidhe. Ceard a bhíodh aige acht casúr agus ceap iarainn ag deisú sean bróg agus bhíodh cota dearg agus caipin bán le cluasa fada air agus peire brog fiadháin. Deireann siad da bhfuigheadh duine greaim air go mbeadh trí guidhe le fhagáil agat. Tarlaidh sé an oidhche seo go raibh fear amuigh feachaint in a dhiaidh caorach a mhaistear agus chonnaic sé an greasaidhe agus lean sé é agus rug sé air thúg sé abhaile é ag a mnaoí dubháirt sé tá sé againn anois agus tá na guidhe sí ar phutoig a fhaghail. Anuas leis an putóig sios an t-simléir agus thuit sé ar an mbord agus guidhe an fear go maith leis dá mbeadh sé i greim ar a srón. Bhí dhá cheann de na guidhe imtighthe agus b'eigin doibh an triomhadh cheann a guidhe le an putóg a scaoileadh as a srón agus bhí na trí guidhe imtighthe gan tada.
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chiaráin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Seamus Ó Ganlaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50