Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Leathanach 087
- XML “Seanfhocail”
- XML “Paidir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)lán dá chuid.
20. Is fearr an sláinte ná na tnáithte.
21. Ní geallaide gáiridhe a bíonn san áit nach mbíonn an biadh.
22. Gach duine ag iarraidh bheith ag tocras ar a cheirtlinn féin.
23. Marbh le tae agus marbh gan é. - Nuair a luighim san leabaidh luighim san uaigh faoisdin cruaidh a dhéanamh le Dia. As bólóid iaraimse ort a Dia mór na n-Uile Comach. Agus adhmuigimh duit a slánuightheór Ró-Glórmhar. A Mhuire is a Maighdean ró-comhachtach tabhait dúinn radharch ar na soillse ró-glórmhar. Solas na soillse agus radharch na tríonóide agus grásta na foidhne in aghaidh na heugóra. A Mhuire Beannuighthe mo mhíle gradh tú. Mo liagh leigheas in aghaidh an bháis tú Achtnuighe cuirimse chugatsa a Micil Náomhtha. Is chun na Maighdeana cuaidh a túnlach an Aon Mhic. An t-athair Uile comachtach do bíodh ár n-éisteacht. Agus a Muire beannuighthe nár leagair uait féin sin. Go n-éistear lén ár bpeacaí is ár n-aithridhe le chéile. Faoisdin glan agus leis a chorp Naomhtha. Olla roimh bás le grásta an Aon Mhic. Agus deas lámh sagart ar an uair deireannach. Na trí asboil is sine na trí asboil is óige. Solas na soillse agus radharc na Trionóide agus grásta na foidhne in agaidh na heagóra.
- Faisnéiseoir
- Liam Mac an Bháird
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe