Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)

Suíomh:
Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Cáit Ní Choisdealbha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 005

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0017, Leathanach 005

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
  2. XML Leathanach 005
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in America san áit a glaobhtar Nua Eabhrac. Shuibhal sé amach oidhche amháin ag spaisteoireacht. Chonnaic sé sochraid ag dul an t-sráid. Suibhal sé sgathamh beag leis. Níor mhothuigh sé go raibh sé in Eirinn istigh ar an teampall Tórtha taobh thíos de Beal Ath Mógha agus bhí an gealach ina suidhe. Thosuigheadear ag cur an cuirp. Siubhal sé suas go dtí an áit a raibh a athair curtha ann. D'aithnigh sé an uaigh céard a rinne sé ach an sgian beag a tarraingt amach as a póca agus d'osgail sé é agus sáidh sé síos i gcloigeann an uaighe é. Nuair a bhí an corp curtha suibal sé amach agus níor mothuigh sé é féin go raibh sé i Nua Eabhrac arís. Bhí na bóithre agus na tighthe le feiceáil mar a bhíodar ariamh. Ní raibh a fhios aige an ag briongloid a bhí sé nó nach eadh. Sgríobh sé ag a mhuinntir agus dubhairt sé leobhtha dul ag an teampall agus feachaint an bfuigeadh siad an sgian saighthe ag chloigeann a athar. Cuaidh siad agus fuaireadar an sgian saighthe ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mairéad Nic Bháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Uaitear Ó Fionnagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    85
    Seoladh
    Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe