Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- XML Leathanach 004
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí snáth sniomhtha aice le flainnín a dhéanamh. Ní raibh a fhios aice cén áit a bfuighid sí fiaghadóir chun é a sniomh. Tháinig fear isteach lá. D'iarr sí do an mbeadh a fhios aige cén áit a bfuigheadh sí fiagadóir. Tabhair dom-sa an snath agus beidh sé déanta agam seachtmhain ó indiu. Cén t-anam atá ort adeir an bhean "Sníomh ar Bhundún" adeir sé leite. An céad uair eile a thiocfas mé annseo mar mbí m'ainm agat beidh d'anam agam. D'imtigh leis leis an snáth. Ní raibh sé ach taobh amuigh den tairse nuair a dhearmad sí a ainm. Bhí sí cráidhte agus ag caoineadh mar bhí faitchíos uirri go dtiocfadh an fear agus a ceann a baint di ar a geallamhaint mar a mbeadh a ainm aice. Táinig fear eile isteach a bhí ag cumhdach beidhthig agus bhí sí ag caoineadh roimhe. Ó a bhean chóir céard tá ort.Ó foighid bhí mise seoltaí ag oibriú go láidir agus cualaidh mé fear ag radh "Deifir Deifir Deifir is cuma libh cén áit a bhfuigheadh sníomh ar bhundún a suipéar anocht" Ó Ó adeir an bhean sin é an t-ainm Sníom ar Bhundún. Ní bhfad a bhí an fear seo imtighte go dtáinig Sníomh ar. Bhundún isteach agus an flainnín faoi na asgal aige. M'ainm go beo ar seisean leis an bhean. Sníomh ar Bundún adeir sí. Mo bheannacht leac agus mo mallacht don té a mhúin tú ag imeacht leis.
- Bailitheoir
- Mairéad Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Uaitear Ó Fhionnagain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 85
- Seoladh
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe