Scoil: Lisín na hEilte (Cailíní)
- Suíomh:
- Lisín na hEilte, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cáit Ní Choisdealbha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Greim in am sámhalann sé naoí gcinn.
2. Tús ceatha ceo, deireadh catha gleó.
3. Tosnú maith leath na hoibre.
4. Is fada an bóthair nach bhfuil casadh ann.
5. Is mairg a bheith go holc agus go bocht in a dhíad.
6. Is giorra cabhair Dé ná an doras.
7. An té atá thuas óltar dheoch air, an té atá thíos búailtear cos air.
8. Is fearr éan ar bhois na dhá cheann ar tor.
9. An rud a sgcríobhann an púca léigheann sé féin.
10. Ní bhíonn suidhe gan locht.
11. Ní hé lá na gaoithe lá na sgolbh.
12. Ní rún é ó tá fhios ag trúir é.
13. Ní náire an bochtanas.
14. Is glas iad na cnuic i bhfad uainn.
15. Is milis fíon, is searbh é a íoc.
16. Beagán agus a rádh go maith.
17. Bíonn an fhírinne féin searbh.
18. Is binn béal ina thost.
19. Is fearr stúaim ná neart.
20. An té nach mbeidh cíall aige beidh fán air.
21. Bíonn ceann caol ar an óige.
22. Bíodh eagla ort agus ní baoghal duit.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bean Nic Bháird
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 56