School: Baile Nua (C) (roll number 16803)
- Location:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Bean Mhic Conchoille
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)paca gadhar agus capla fíadhach "Gaisgidheacht na gCeithre gCloigeam" [!] a thabhairt dó. Thugadar dó íad agus chúaidh Concúbhar abhaile chuig an gaisgídheach. Núair a chonnaic an Gaisgidheacht íad ag teacht thosuigh sé ag pléasgadh gáire go raibh na gcnoc agus na páirceanna ar chreathadh. Dfíafruigh Concúbhar de cad a bhí sa litir agus dúbhairt sé go raibh ordú ann ón duine-úasal Concúbhar a chuir chun bás. "Bhí go maith" arsa Concúbhar, "íocfaidh sé as núair rachas mise abhaile. Chuir an mháighistear céud míle fáilte roimhe "mar dhóigh". Rug Concúbhar air agus dúbhairt sé go gcuirfeadh sé chun bás é muna ,gcuirfeadh, bpósfhadh sé a máthair. Dúbhairt an duine-úasal go raibh sé pósta cheana agus meirioch sin go bpósfaidh sé í agus fáilte. "Mhárbhóchaigh mise an ceann atá agat" ars Concúbhar. Rinne sé amlaidh agus annsin chuir sé fios ar sagart nó ministéire agus do pósadh máthair Concúbhair agus an duine-úasal. Annsin chuir Concúbhar an duine-úasal chun bás agus bhí an teach mór aige féan agus ag a mháthair annsin.
- Informant
- Seán Ó Chatháin
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Lios an Uisce, Co. na Gaillimhe