Scoil: Cill Chiaráin
- Suíomh:
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nioclás Mac Aoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní thagann caonach ar an gcloch ratha.Is fuide go bráthach ná go Bealtaine.Feicim-se é agus ní fheiceann tusa é agus is goire dhomsa ná dhuit-se é.
Cúl do chinn.Chuaidh mé suas an bóithrín agus tháinig mé anuas an bóithrín agus thug mé an bóithrín ar mo dhruim liom.
Dréimre.Is fearr go mall ná go bráth.Mara gcuirfhidh tú sa'n Earrach ní bhainfhidh tú sa bFoghmhar.Gach duine ag tochras ar a cheirtlín féin.Bíonn áth air amadán.Ní dhéanfhadh an saoghal capall rása dho asal.Más cám díreach an ród, sé an t-slighe mór an t-aithghiorra.Ceannuigh sean-rud is bí gan aon rud.Castar na daoine ar a chéile acht ní castar na cnuic ná na sléibhte.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádhraic Ó Rathallaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 10
- Seoladh
- Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Niadh
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 65