Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
An Chaora Ghlas

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 345

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bhí fear ann fadó, agus phós sé bean, agus rugadh inghean dhó agus cailleadh an bhean i n-dhiaidh an inghean, aghs phós sé bean arís. Rugadh triúr inghean dho'n bhean seo. Bhí an dara bean an-olc leis an gcéad ingean, ní bhíodh sí ag tabhairt mórán le n-ithe dhi. Chuireadh sí amach í gach mhaidin ag fosaidheacht caoire ar an gcroc, agus ní thiubhradh sí aon bhricfeasta dhi, acht píosa arán tor. Bhí caora ghlas i measg na gcaorach eile, agus dubhairt sí léithí a h-adharc a tharrainnght amach as a ceann. Ba í an chaora ghlas máthair an chéad inghean. Tharrainngh sí amach é agus fuair sí neart bídh agus dígh agus nuair a bhí a dóthain ithte aice, chuir sí ar ais an adharc arís, agus nuair a chuaidh sí

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Seán Ó Cuirín
Inscne
fireann
Aois
11
Faisnéiseoir
Gráinne Ní Chuirín
Gaol
tuismitheoir
Inscne
baineann
Seoladh
Coill Sáile, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge