Scoil: Cill Chiaráin

Suíomh:
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nioclás Mac Aoidh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 185

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0009, Leathanach 185

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Chiaráin
  2. XML Leathanach 185
  3. XML “An Breitheamh Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí breitheamh ann uair agus ba é an t-Árd bhreitheamh a bhí ar Éirinn uilig é.
    Bhí buaidh aige seo agus ba é an bhuaidh sin dá mbeadh duine 'sa tír nach mbeadh i ndon an fhírinne a innseacht nó dá mbeadh duine ann a mbeadh sé de fhaisiún aige a bheith ag innseacht bréaga bheadh sé (an breitheamh) i ndon é do léigheas.
    Tugadh go leór chuige agus má tugadh féin bhí sé i ndon 'chuile duine aca a léigheas. Bhí cailín amháin ag fear saidhbhir agus ag a bhean agus ní raibh aon chailín 'san áit ní ba deise ná í acht go raibh aon locht amháin uirthí, bhí sí bréagach.
    Ba mhinic a deireadh sí rudaí nach mbíodh i gclár ná i bhfuirim.
    Bhí croidhe a h-athar agus a máthar brisde aici ag innseacht bréaga.
    Dúbhradar 'sa deiridh leó féin go dtiúbhradh siad go dtí an breitheamh droidheachta í
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Raghallaigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máirtín Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Seoladh
    Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe