Scoil: Inis Niadh (uimhir rolla 11938)
- Suíomh:
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Caitlín Ní Thuathaigh

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 206
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí bean ann fadó agus bhí triúir mac aici. Lá amháin dubhairt an mac bu shine go ngabhfadh sé ag saothrú beatha dó féin agus d'imthigh sé leis "Nuair a caillfear mise, a mháthair" ar seisean "beidh uachtar fola agus íochtar meala ar an tobar fíor-uisce atá annsin amuigh" agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag siubhal ariamh ariamh go dtáinic sé go dtí ceó. Bhí cailleach istigh sa gceó. Mharbhuigh sí an fear. Nuair a chuaidh an dara fear go dtí an tobar agus connaic sé an fuil ar an tobar dubhairt sé lé n-a mháthair go raibh a dhriotháir mharbh agus go raibh sé ag dul á thóruigheacht agus d'imthigh sé leis. Bhí sé ag siubhal ariamh go dtáinic sé go dtí an ceó acht mharbhuigh an cailleach é. Chuaidh an tríomhadh fear go dtí an tobar agus connaic sé an fuil ar(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máiréád Ní Fathartaigh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Inis Ní, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Ní Fathartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 42