Scoil: Inis Niadh (uimhir rolla 11938)

Suíomh:
Inis Ní, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Caitlín Ní Thuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 219

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 219

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Niadh
  2. XML Leathanach 219
  3. XML “Scéal an Chriosa Bríde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Núair a tháinig N.Iosaf agus an Maigdean go dti a sgioból oidhche Nodlag . Bhí bó agus asal istigh agus sé cáoi raibheadar ceangailte le sugán tuighe . Sgannruigheadh na beithidhigh agus bhriseadar na rópai ach d'fanadar socair i gcuinne de'n teac. tri lá in a dhiaidh sin tháinig Naom Brighid ag breathnughadh ar an Maigden Mhuire. Núair a tháinig sé go dtí an teac bhí portach mór uisge sa doras agus béigin di snámh isteach thríd . Núair a bhí sí istigh sgaoil sí na rópaí as an mbhalla agus chuir sí treasna sa doras iad an chaoi núair a bhéad aon duine ag teact isteach . Chaithfeadh sé a cos a leagaint ar Crois Brighde air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Féile Bríde (~366)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Pádraig Ó Linneáin
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Inis Ní, Co. na Gaillimhe