Scoil: Inis Niadh (uimhir rolla 11938)

Suíomh:
Inis Ní, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Caitlín Ní Thuathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 247

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0007, Leathanach 247

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inis Niadh
  2. XML Leathanach 247
  3. XML “Pisreoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leór pisreóga ag na sean-daoine. Seo ar leanas cuid acu. Má feiceann fear sionnach ag é ag dul amach ag iascaireacht casann sé abaile agus ní theigheann sé ag iascaireacht an lá sin. Má labhartar ar choiníní nó ar girrfiadha i mbád cuireann sin an t-iascaire ar buille. Má feiceann iasgaire bean agus ceann ruadh uirthi ní rachaidh sé ag iasgaireacht an lá sin. Má thagann duine isteach i dteach agus maistreadh dhá dheanamh má bhíonn sé ag iarraidh rud ar bith ní gheobhainn sé é go mbíonn an maistreadh déanta. Deirtear nach ceart uisge a chaitheadh amach go mbíonn an maistreadh deanta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. creidiúint (~391)
        1. creidiúint choiteann (~2,535)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máiréad Ní Fhathartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Inis Ní, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fathartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    Inis Ní, Co. na Gaillimhe