Scoil: Cloch na Rón (C) (uimhir rolla 15389)

Suíomh:
Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chuinn

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Díoltas na hEasóige

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Dioghaltas na h-Easóige.
Lá breágh gréinne i mí lúghnasa bhí fear ag baint fhéir i pairc mór agus nuair bhí sé 'ghá mbaint cheap sé go raibh rud cruaidh sáidhte ins an speil agus d'fhéach sé suas agus céard bhí ann ach easóg óg agus í marbh. Nior cheap an fear go raibh aon dochar ann agus chuaidh sé abhaile go sásta.
Bhí sé de ghnáth ag an bhfear sin bheith ag caitheamh tobac san oidhche. An oidhche sin chuala sé torann ag an doras ach cheap sé nach raibh ann act an madadh agus níor oscail sé an doras. Act tar éis tamaill chuala sé an torann airís, agus annsin chuaidh sé go dtí an doras agus d'oscail sé é. Fe mar a cheap se ní raibh ann act an madadh. ach d'fhuaraigh a chuid fola in a chuisleachaibh nuair a chonnaic sé an rud a bhí ag an madadh--mar bhí greim fiacla ag an sean-easóg air.
Annsin chreid sé go raibh an sean-easóg ag teacht ar ais cun sásamh a bhaint amach mar gheall ar an easóg a mharbhú sé.

Bailitheoir
Íde Ní Chuimín
Inscne
baineann
Seoladh
Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Stiophán Ó Chaonaidh
Inscne
fireann
Aois
71
Seoladh
Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge