Scoil: Cloch na Rón (C) (uimhir rolla 15389)
- Suíomh:
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire, Bean Uí Chuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloch na Rón (C)
- XML Leathanach 193
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Oidhche bréagh bhí mánach as mainisteair Cloch-na-Rón ag rothaidheact ó áit éigin go Cloch-na-Rón. Bhí sé go mall san oidhche ach mar sin féin ní raibh an oidhche dorcha mar bhí an gealach ag lonnradh.
Bhí croidhe éadtrom ag an mánaigh agus é ag rothaidheacht, agus ní raibh scannradh ar bith air gídh go raibh sé i n áit uaignigh act ar feadh tamaill d'airigh sé go raibh sé ag eirghe ana te. B'éigin dó dul tré coill uaigneach, agus dar ndóigh tháinic eagla an domhain air. Bhí sé ag rothuidheact go tapaidh annsin mar cheap sé go raibh rud éigin 'gá leanamhaint, ach léim a chroidhe nuair a chonnaic sé fear mór árd 'na shéasamh os cómhair gheata móir.
Bhí an fear gléasta i culaidh gorm le chnapaí airgead ann, thosuigh sé ag siubhal go tapaidh i n diaidh an mhánaigh, dá tréine dá imtigh sé choinnigh an fear suas leis. Ag an am sin bhí an mánach caillte leis an bfaitchios, agus ní raibh sé in ann a phaidrín a thógaint amach as a phóca, ach sa deire d'eirigh leis, agus ag an bpoinnte is chonnaic an fear an paidrín leag sé scread as agus d'imtigh sé as radarc an mánaigh. Nuair tháinic an mánach abhaile d'innis sé an scéal, agus dár ndóigh ní rachaid sé amach go deireannach airís.- Bailitheoir
- Íde Ní Chuimín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Dómhnaill
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Seoladh
- Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe