Scoil: Cloch na Rón (C) (uimhir rolla 15389)

Suíomh:
Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 189

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 189

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloch na Rón (C)
  2. XML Leathanach 189
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal.
    Uair amháin bhí baintreach agus a mac in a gcómhnuidhe i nGaillimh. Bhíodar ana-bhocht, agus ní raibh aca acht aon bhó amháin. Theigheadh an mac amach ar an gcnoc gach lá ag baint fraoich le h-aghaidh sguab, annsin theigheadh an mháthair chuig an margadh agus dhíolfadh sí na scuab agus gheóbhfadh sí airgead orra, b'shin é an slíghe shaothruigheadh siad a slíghe mbeatha.
    Lá amháin chuaidh Séamus ag baint an fraoich agus thug sé an bhó amach chun aire a thabhairt dí. Ní raibh an fraoch go maith san áit a cuaidh sé, agus annsin chuaidh sé nios fuide ó bhaile ag tóireact fraoich níos fearr. Nuair a thosuigh sé ag baint an fraoich chonnaic sé a lán daoine beaga ag bualadh báire agus shuidh sé síos ag féachaint orra, thug sé fé ndeara go raibh fearaín beag amháin ag coineált na liathróide dhó fhéinagus dubhairt sé leis an liathróid a thabhairt do na firiní eile ach ní tuisge bhí an focal ráidhte aige ná bhuail an liathróid sa tsúil é agus ní raibh sé in ann leath shúil a fhoscailt ar fead i bhfad, ach nuair a d'oscail sé í chonnaic sé go raibh an bhó imighthe.
    Chuaidh Séamus abhaile go brónach mar bhí fhios aige nach raibh aon bainne cun béilí a dhéanamh , agus d'innis sé dhá mháthair é. D'imthigheadar ag toireact na ba annsin ach ní bhfuaireadar táisg nó tuairisg uirri, an tráthnóna sin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Íde Ní Chuimín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Nóra Ní Cheannadubhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    84
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe