Scoil: Cloch na Rón (C) (uimhir rolla 15389)

Suíomh:
Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Máire, Bean Uí Chuinn
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 192

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0006, Leathanach 192

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloch na Rón (C)
  2. XML Leathanach 192
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tráthnóna aoibhinn i Samhradh a bhí ann. Bhí fear ag siubhal ar an mbóthar cois na fairrge, nuair a chonnaic sé amach uaidh bean ag siubhal agus bréidín ar a ghualainn. Shiubhal an fear go tapaidh go dtáinic sé suas lei, mar cheap sé gur bean cómharsan a bhí innti, ach nior aithnigh sé í cor ar bith.
    D'ionnsuigh an bhean é agus bhí sí ag iarraidh é a chaitheamh isteach ins an bhfairrge. Bhí sé ag iarraidh é fhéin a sábhailt uirri, stroic an bhean a éadan. Bhí a phaidrín aige in a phóca agus thóg sé amach é, nuair a chonnaic sí an paidrín d'imthigh sí as a radharc isteach san bhfairrge. Nuair a tháinic an fear abhaile fuair siad an sagart dhó agus bhí sé ag teact ag breathnú ar an fear ar feadh tamhaill.
    Thárla sé sin i gConamara
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Íde Ní Chuimín
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cloch na Rón, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Ceannadhubhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    73
    Seoladh
    An Aird Mhóir, Co. na Gaillimhe