Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)

Suíomh:
An Carnán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Riagáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Gnásanna ag Baint le Pósadh

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 025

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Gnásanna ag baint le pósadh.
Sa tsean aimsear an caoi is mhó a bhí siad a posad gchoideach siad na mná agus d'fágad siad i teach comhrsan iad go ceann cúpla lá. Annsin shocruigh siad lá pósadh agus Diardaoin an lá is mhó a bhí siad a pósadh.
Ní bhéad cárr ar bith acu ach capaill. Ní raibh diallaid ar bith acu agus pillín a bhí acu le marcaigheacht ar na capaill taobh thiar de na fir.
Bhíodh suas le fiche capall ag an mbaineas. Bhíodh siad ag rith ag imteacht agus ag teacht abhaile ó'n séipéal agus is minich a chaill siad na mná. Ní fhanfadh siad le na mná a thógháíl suas go bfeicfeadh siad cé acu a bhéadh sa mbhaile i dtosach. Nuair a thiocfadh siad abhaile bhíodh píobaire acu agus damhsa go maidin tharéis an posadh.
Bhíodh cáca min-coirce déanta acu agus bhíodh sean bhean ina seasaimh taobh istigh de'n doras. Nuair a thiocfadh an bean nua pósta isteach bhriseadh sí an cáca ar a cloigeann. Deir siad muna mbhriseadh siad an cáca ar a cloigeann nach mbheadh an pósadh áhúil.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Cóisthealbh
Inscne
baineann
Seoladh
An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séamus Ó Cóisthealbh
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
50
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge