Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)

Suíomh:
An Carnán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tadhg Ó Riagáin

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Seanscéal - Gobán Saor

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 020

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Gobán Saor.
Bhí fear ann fadó agus Gobán Saor an t-ainm a bhí air. Bhí mac amháin aige agus nuair a d'éirigh an mac suas in am a phósadh ní tiúbhrainn a athair cead dó aon bhean a phósadh ach bean a thiúbhradh abhaile craiceann agus a luach. Bhí sé ibhfad ag iarraidh an bhean sin a fhághail. Casadh air bean a bhí inann sin a deanadh. Tharraing sí an olann den craiceann agus dhíol sí an olann. Ní raibh aon mhaith ins an gcraiceann agus thug sí an luach abhaile agus thug sí an gcraiceann abhaile freisin.
Tar éis an phósadh léigh an Gobán sa bpáipéar go raibh teach mór le déanamh i Sasana. Chuaidh sé fhéin agus a mac go Sasana agus thóg siad an teach ar teasg. Nuair a bhí an teach déanta aca ní raibh aon teach faoi'n domhan déanta mar é.
Dubhairt an Rí go marbóchadh sé iad le faitcíos go mbeadh aon teach eile déanta mar é. Cuimhnígh Gobán ar phlan agus dubhairt sé leis an Rí nach bhféadfadh sé an teach a críocnuighadh go bhfuigheadh sé oirnéis a bhí aige sa mbaile. Ní leigfeadh an Rí é abhailele faitcíos nach dtiocfad sé aireas. Chuir an Rí a mhac fhéin go h-Éirinn leis na h-oirnéis d'fhághail.
Nuair a shrioc sé teach Gobáin d'innis sé le bean mac Gobán gur theastaigh a leithéad seo d'oirnéis uaidh. Dubhairt sí go raibh siad istigh sa seomra. Dubhairt sí leis fhéin a dhul

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Máire Ní Cóisthealbh
Inscne
baineann
Seoladh
An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séamus Ó Cóisthealbh
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Aois
50
Gairm bheatha
feirmeoir
Seoladh
An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge