Scoil: Carnán (uimhir rolla 14031)
- Suíomh:
- An Carnán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tadhg Ó Riagáin

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 030
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Carnán
- XML Leathanach 030
- XML “Scéal Beannaithe”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgéal Beannuighthe.
Bhí Mac Dé agus a dhá apstail déag ag siubhal thart lá. Tháinig siad go dtí teach in a raibh ceól agus damhsa. Bhí siad ag siubhal go dtáinig siad suas le teach eile agus bhí fear caillte san teach sin. Bhí muinntir an tíghe ag caoineachán agus dubhairt Naomh Peadar le Mac Dé go mb'aisteach an rud damhsa a bheith san teach sin thall agus fear caillte san teach seo.
Dubhairt Mac Dé le Peadar "Sin é an caoi leis an saoghal mar ní airigheann fear trioblóid fear eile".
Taréis tamaill tháinig siad suas le fear agus bhí sé ina luighe ar an mbóthar agus bhí sé marbh. Dubhairt Mac Dé le Naomh Peadar a phóca a chuartú. Bhí airgead aige agus dubhairt Mac Dé leis an t-airgead a fághail annsin.
Nuair a shiubhail Peadar píosa indiaidh na h-apstail shantuigh sé an t-airgead agus d'fhill sé ar ais. Bhain Mac Dé an t-airgead uaidh agus chaith sé amach sa bhfairrge é. Dubhairt Mac Dé go bfágfadh sé sin gach duine a thagfadh ina dhiaidh sanntach.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Cóisthealbh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Cóisthealbh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe