Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 173

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 173

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Leithrinn
  2. XML Leathanach 173
  3. XML “Ceapadóireacht - Seanscoil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar leanamhaint 14adh-2-38
    Bhí paipéar gann an uair sin freisin. Ní raibh cóip leabhair ar bith aca. Bhí slinne aca. Ní raibh peann aca. Rinneadar a bpinn féin. Bhí pinn cleití aca. Níor sgríobhadar le pinn go rabhadar ins an t-árd rang. Chuadar ar sgoil go rabhadar fiche bliadhain d'aois.
    Níor íoc an Riaghaltas an muinnteóir. D'íoc na sgoláirí é. Thug gach sgoláirí pighinn do'n mháighistir gach seachtmhain. Bhí meas ag na daoinibh air. D'oibrigh sé ar son Dé agus ar son a thíre. Ní raibh teach aige. Thug na feirmeóirí lóistín dó. Mhúin sé clann an fheirmeóra. Sin é an chaoi a n-íoc sé an loistín.
    Tháinig an Sagart isteach ins an sgoil go minic mar sgoil Caitlicigh a bhí ann. Níor tháinig an cigre isteach mar ní raibh cead aige. Tháinig tinneas ar an máighistir agus fuair sé bás. Tá sé curtha i gCillchiarain. Bhí go leór leabhra luachmhara aige. Cailleadh a chuid leabhra nuair a bhfuair sé bás. Tá eólas agam ar an áit ina raibh an sean sgoil seo. Níl a raon le feiceál indiú. Ní raibh sí déanta de clochaibh. Tá sgioból annsin indiú.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Bríghid Ní Fhloinn
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An tÁthán, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seán Mágh Fhloinn
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An tÁthán, Co. na Gaillimhe