School: Leithrinn
- Location:
- Lerhin, Co. Galway
- Teacher: Seán Ó Labhradha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leithrinn
- XML Page 173
- XML “Ceapadóireacht - Seanscoil”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ar leanamhaint 14adh-2-38Bhí paipéar gann an uair sin freisin. Ní raibh cóip leabhair ar bith aca. Bhí slinne aca. Ní raibh peann aca. Rinneadar a bpinn féin. Bhí pinn cleití aca. Níor sgríobhadar le pinn go rabhadar ins an t-árd rang. Chuadar ar sgoil go rabhadar fiche bliadhain d'aois.Níor íoc an Riaghaltas an muinnteóir. D'íoc na sgoláirí é. Thug gach sgoláirí pighinn do'n mháighistir gach seachtmhain. Bhí meas ag na daoinibh air. D'oibrigh sé ar son Dé agus ar son a thíre. Ní raibh teach aige. Thug na feirmeóirí lóistín dó. Mhúin sé clann an fheirmeóra. Sin é an chaoi a n-íoc sé an loistín.Tháinig an Sagart isteach ins an sgoil go minic mar sgoil Caitlicigh a bhí ann. Níor tháinig an cigre isteach mar ní raibh cead aige. Tháinig tinneas ar an máighistir agus fuair sé bás. Tá sé curtha i gCillchiarain. Bhí go leór leabhra luachmhara aige. Cailleadh a chuid leabhra nuair a bhfuair sé bás. Tá eólas agam ar an áit ina raibh an sean sgoil seo. Níl a raon le feiceál indiú. Ní raibh sí déanta de clochaibh. Tá sgioból annsin indiú.
- Collector
- Bríghid Ní Fhloinn
- Gender
- Female
- Address
- Ahaun, Co. Galway
- Informant
- Seán Mágh Fhloinn
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Address
- Ahaun, Co. Galway