Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 107
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ceapóireacht 17/11/1937
'Pota Óir i bhFolach'Bhí triúr fear ag obair i bpáirc uair amháin. Tá an pháirc sin suidhte i dTumárd. Tá sí suidhte ar ísleán. Tá eolas agam ar an bpáirc sin. Is le muinntir Uí Mhainnín anois í. Tá sí cosamhail le na páirceanna eile. Níl sean-chaisleán ná sean-fhothracha innti. An tEarrach a bhí ann. Bhíodar ag chur fataí. Ní raibh aon rud curtha ins an bpáirc sin le na blianta roimhe sin. Bhíodar ag obair go dian. I lár an lae thocaileadar amach cónra. Bhí faitchíos ortha, acht marsin féin, bhriseadar an leac. D'oscaileadar í. Bhí sí folamh. Ní fhacadar aon rud clódhbhuailte ar an gcomhrainn. Ní raibh sí lobhtha. Bhí sí tamall fada annsin, acht bhí an cónra leagtha ar an ngainimh.Leanadar ag obair agus ba ghearr gur thógadar amach cónra eile. Bhí sí cosamhail leis an gcéad comhrainn. D'oscaileadar í. Bhí cnámha agus sean-charóg istigh ins an gcomhrainn. Bhí sí déanta de adhmad láidir. Ní raibh aon rud sgríobhtha ar an gcomhrainn.Thosuigheadar ag obair arís agus ní fada gur bhaineadar amach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairéad Mc Mhainnín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Ghothraidhe
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Pháirc Thiar, Co. na Gaillimhe