Scoil: Leithrinn
- Suíomh:
- Leithrinn, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Labhradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ar leanamhaint 14adh-2-38Bhí faitchíos ortha roimh na protastúnaigh.Bhí sean sgoil i nÁthán an uair sin. Lá amháin bhailigh na comharsanna agus rinneadar an sgoil. Rinneadar na ballaí de dóib. Chuireadar ceann tuighe uirthí. Ní fhuaireadar airgid ó'n Riaghaltas nuair a bhí sí déanta aca mar ní raibh cead aca í a dhéanamh mar sgoil Caitlicigh dob eadh í. Ní raibh trosgán ar bith ins an sgoil. Bhí fuinneóga beaga ar na ballaibh. Bhí seimné maith i gceann an tighe. Ní raibh aon suidheacháin inntí.Shuidh na sgoláirí ar an urlár. Bhí an t-urlár glan agus tirm i gcomhnuidhe. Thug gach sgoláire beart tuighe ar sgoil leo gach seachtmhain. Scaipeadar an tuighe ar an urlár. Go minic sheasadar suas. Bhí teine maith aca i gcomhnuidhe. Thugadar móin ar sgoil leo gach lá. Go minic tháinig na saighdiúirí agus leagadar an sgoil. Bhí an sgoil aca annsin faoi chrann, nó ar chúl claidhe nó i stábla. Go minic mharbhuigheadar an muinnteóir agus na sgoláirí nó chaitheadar isteach i bpiosún iad.Bhí na labhra gann an uair sin. Ní raibh leabhair ag gach sgoláire.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Bríghid Ní Fhloinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Mágh Fhloinn
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An tÁthán, Co. na Gaillimhe