Scoil: Leithrinn

Suíomh:
Leithrinn, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Labhradha

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Ceapadóireacht - Coinnle

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0012, Leathanach 182

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Ceapadóireacht 8adh-3-38
"Coinnle"

San sean-aimsear ní raibh lampaí ola le fagháil. Théighidís a gcodhladh le solus an lae agus d'éirighidís leis an ngréin. Taréis tamaill rinneadar coinnle agus ní tháinigeadar thar Sáile. Rinneadar iad le luachair.
Bhí fear ina chomhnuidhe i nDoirín. Rinne sé coinnle do'n ceanntar so. Ghearr na daoine an luachair. Thoghadar amach an luachair mhaith ramhar. Thugadar í go dtí an fear seo.
Phioc sé amach traithníní maithe ramhar. Bhain sé an craiceann díobh. Do thiormuigh sé cois na teineadh iad. Cheannuigh sé gréis ó na daoinibh agus ó'n mbuistéar. Do leathuigh sé í. Rinne sé iad ceithre órlaigh ar fhaid. Do leathaigh sé an gréis isteach i dtubán.
Chuimligh sé an ghréis ar na luachraibh. Sul a raibh siad fuar thóg sé iad amach. Ceangail sé iad le chéile.

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Ioseph Ó Cearnaigh
Inscne
fireann
Seoladh
Ceapánach, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Séamus Ó Cearnaigh
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
Ceapánach, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge