Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Foghmhair agus cuirtear i bpoll iad. Piocann muid na fataí beaga nó na póiriní agus cuirtear i bpoll ar leith iad leó fhéin agus bíonn siad againn le geabha no caoirigh.
Cuireann muid na fataí móra i bpoll mór - timceall 20 troigh ar fad agus leithead iomaire ann agus 10" ar doimhneacht ann. Caithtear na fataí síos ann agus nuair a bhíonn sé thar maoil cuirtear scraitheacha a baintear ar an sliabh timceall leis agus cuirtear tuille fataí ann; cuirtear fataí agus scraitheaca air go mbíonn se timceall 2 1/2 trough in áirde.
Cuirtear creafóg air sin agus driseaca thart amuigh le na caoirigh a choinneál uaidh.
Na droch fhatai a castar linn sin iad na creacháin; fataí a mbíonn cuid aca anios as an iomaire agus dath dorcha uaithne orraibh sin fataí dógh (no dubh) ghréineach.
Ma chastar fata a mbeadh an croiceann air agus é atuighthe mar bheadh faithní air sin fatacarrach(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe