Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)le chéile á chuir anois muna mbeadh duine an bhocht ar fad ann no baintreabhach agus annsin is ar an Domhnach a deantar é - bhí an nós seo coitceannta go maith deich mbliana ficead ó choin acht is annamh a tharluigheann sé anois.Ag fás
Nuair a bhionns fataí tamall fóduithte agus na dasacha ag gobadh anios déantar iad a lánú, baineann duine an lán agus tagann duine eile 'na dhiaidh le sluasaid agus cuireann sé an lán ar an iomaire. Ní mhór an salachar a ghlanadh as na h iomairí súl a dtosuigheann an lánú. Cuirtear spray amach in Iul - réir an aimsear, cuireann daoine amach faoi dhó e - le sguab no le fraoch a cuirtear amach an spray go dti an lá indhiu acht cuireann corr dhuine amach é le'n "machine".Baint na bFataí
Baineann muid na fataí as éadon in Deireadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máire Ní Choisdealbha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe