Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1. Cá ndeachadh Íosa Criost nuair a bhí sé deich mbliadhna d'aois? Chuaidh Sé isteach san t-aonmhadh bhlian déag.
2. Tá me ghá chuartughadh agus ní féidir liom é fhágail is ní féidir le Dia é fhághail Máighistir Dé.
3. Chuaidh mé suas an bóithrín agus thugh mé an bóitrín ar mo druim liom. Dréimre.
4. Chuir mé slat san oidhche agus bhí sé chomh h-árd leis an spéir ar maidin. Deatach.
5. Chaith me suas é chomh bán le bainne agus thuith sé anuas chomh buide le ór. Ubh.
6. Cén fát a n-iompruigeann an ceannuighea a mhala? mar nach siubhaileann sé leis.
7. Cad é an chéad chuidh de'n bhó a théigeann thar an gchlaidhe? A h-anáill.
8. Chuaidh mé siar an garraidhe agus fuair mé rud nar theastuigh uaim. Dealg.
9. Cé méid iorball bhó a déanfadh as seo go dtí an spéir? Aon ceann amháin dhá mbhéad sé sáthach fada.(leanann ar an chéad leathanach eile)