Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tar éis Briseadh na Bóinne tugad mar luach saóthar do shaighdiur Éireannac a d'ionntuigh lé Rí Liam an caisleán mór atá chóis na fairrge síos in Indreabhán.
Táinigh aon fhear amháin ann acht níor fan sé ann acht cupla mí mar dubhairt sé nach raibh an áit feileamhnach lé maireachtáil ann agus dimthigh leis. Ní raibh aon dream mar iad ann rompa. Siad na chéad Sasanaig agus Protastunaig iad a shroic an áit. Bhí tigearnaí talamna os cionn na h-áite a bhí sa Spidéal a tagadh thart anois is arist ag bailú ciosa. Ní raibh siad chomh cruaid leis na Blácaigh.
Nuair a tháinig siadsan ní mar atá an áit anois a bhí sé. Ní raibh oireadh tighthe thart annseo is atá; siadsan a thóigh na tighthe ag an g-chaisleán agus siad a rinne na bóitrí atá ag dul go dthí é. Nuinntir na h-áite a rinne na bóithrí dhóibh gan páige ar bhith. Ní raibh mórán aca ann acht ó thárla go raibh gunnaí acha niór eirigh na daoine na n-aghaidh. Ní siad a bhí ar lorg an mhianach ann acht thugadar mianadóirí ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 63
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Indreabhán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Flaithbheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe