School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Page 0074
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Foghmhair agus cuirtear i bpoll iad. Piocann muid na fataí beaga nó na póiriní agus cuirtear i bpoll ar leith iad leó fhéin agus bíonn siad againn le geabha no caoirigh.
Cuireann muid na fataí móra i bpoll mór - timceall 20 troigh ar fad agus leithead iomaire ann agus 10" ar doimhneacht ann. Caithtear na fataí síos ann agus nuair a bhíonn sé thar maoil cuirtear scraitheacha a baintear ar an sliabh timceall leis agus cuirtear tuille fataí ann; cuirtear fataí agus scraitheaca air go mbíonn se timceall 2 1/2 trough in áirde.
Cuirtear creafóg air sin agus driseaca thart amuigh le na caoirigh a choinneál uaidh.
Na droch fhatai a castar linn sin iad na creacháin; fataí a mbíonn cuid aca anios as an iomaire agus dath dorcha uaithne orraibh sin fataí dógh (no dubh) ghréineach.
Ma chastar fata a mbeadh an croiceann air agus é atuighthe mar bheadh faithní air sin fatacarrach(continues on next page)- Informant
- Máire Ní Choisdealbha
- Gender
- Female
- Address
- Cor na Rón, Co. Galway