School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)
- Location:
- An Cartúr Caol, Co. Galway
- Teacher: T. Ó Cuinn
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
- XML Page 0015
- XML “Scéal Grinn”
- XML “Scéal Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal Grinn
“Bhí fear ann uair agus bhí sé an-bhocht agus lá amháin ghuidhe sé ag Dia go gcuirfeadh Sé airgead aige, agus chuir.”
Bhí fear ann uair agus bhí sé an-bhocht agus lá amháin ghuidhe sé ag Dia go gchuirfheadh Sé airgheadh aige, agus chuir.
Bhí an oireadh faithchíos annsin air go dthiochfadh sé amugha agus dubhairt Dia leis é a chuir síos i nghleann a bhí san ngharraidhe agus dfágh sé annsin é.
I gchionn seachtmhaine chuala sé go bfhuair fear ar an mbaile airgheadh agus síl seisean gur leis féin an t-airgeadh agus bhí an fhearg air agus chuaidh sé síos go dthí an áit a raibh an t-airgeadh agus fuair sé amhach go raibh an t-airgeadh ann acht is gearr go raibh sé beo bocht arist.- Informant
- Seán Ó Cioghain
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Béal an Átha, Co. Galway
Scéal Grinn
“Bhí fear ann fado agus cuala sé go raibh póta óir thíos faoí 'n talamh acht go raibh air i dtosach breith ar leipreachán.”
Bhí fear ann fado agus cuala sé go raibh pota óir thíos faoí'n talamh acht go raibh air i dtosach breith ar leipreachán. Aon oidhche amháin chuaidh sé go dtí é agus chonnaich sé é na shuidhe ar an talamh agus a chasúr aige agus é a déanamh péire brógh. Rith an fear go dtí é agus dubhairt; "Tá tú i nghreim anois, ní sgaoilfeadh mé uaimh thú no go dthiubharfhadh tú dhom do phóta óir."
Dubhairt an leipreachán leis annsin, "féac an mada sin béarfhadh sé ort."(continues on next page)