School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (roll number 12945)

Location:
An Cartúr Caol, Co. Galway
Teacher:
T. Ó Cuinn
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0020

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0062, Page 0020

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cartúr Caol (Scoil Bhríde)
  2. XML Page 0020
  3. XML “An Tiarna Talún - Na Blácaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tar éis Briseadh na Bóinne tugad mar luach saóthar do shaighdiur Éireannac a d'ionntuigh lé Rí Liam an caisleán mór atá chóis na fairrge síos in Indreabhán.
    Táinigh aon fhear amháin ann acht níor fan sé ann acht cupla mí mar dubhairt sé nach raibh an áit feileamhnach lé maireachtáil ann agus dimthigh leis. Ní raibh aon dream mar iad ann rompa. Siad na chéad Sasanaig agus Protastunaig iad a shroic an áit. Bhí tigearnaí talamna os cionn na h-áite a bhí sa Spidéal a tagadh thart anois is arist ag bailú ciosa. Ní raibh siad chomh cruaid leis na Blácaigh.
    Nuair a tháinig siadsan ní mar atá an áit anois a bhí sé. Ní raibh oireadh tighthe thart annseo is atá; siadsan a thóigh na tighthe ag an g-chaisleán agus siad a rinne na bóitrí atá ag dul go dthí é. Nuinntir na h-áite a rinne na bóithrí dhóibh gan páige ar bhith. Ní raibh mórán aca ann acht ó thárla go raibh gunnaí acha niór eirigh na daoine na n-aghaidh. Ní siad a bhí ar lorg an mhianach ann acht thugadar mianadóirí ann.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Informant
    Máirtín Ó Conghaile
    Gender
    Male
    Age
    63
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Indreabhán, Co. Galway
    Informant
    Tomás Ó Flaithbheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    An Cartúr Caol, Co. Galway