Scoil: Sailearna (Buachaillí)
- Suíomh:
- Na hAille, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: M. Ó Catháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trithí go h-éasga. Téigheann na gasúir thart ó theach go teach lei annsin. Nuair a théigheann siad isteach sa teach bíonn dán dá rádh aca.
Seo í isteach mo chrios,
Crios na gceithre gcros,
M'ás feárr atá sibh anocht,
Go mba seacht míle feárr,
A bhéas sibh bliadhain ó anocht.
Eirigh suas a bhean an tighe,
Agus téirigh tríd an gcrios.
Annsin éirigheann bean an tighe agus teigheann sí amach cheithre h-uaire ins an gcrios. Gearann sí comhartha na croise uirthi fhéin gach babhta dá dtéigheann sí amach innte. Cuireann sí an chrios thar timcheall uirthi fhéin ceithre h-uaire eile annsin agus abruigheann sí páidir ar bith is maith lei a rádh. Tugann fear an tighe cupla pighinn nó cúpla ubh dóibh agus imthigheann siad leo nó go dtagann siad go dtí an chéad eile. Teigheann(leanann ar an chéad leathanach eile)