Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Na hAille, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Catháin

Scag na scéalta

Siar
/ 0557 Ar aghaidh
Taifeach: Íseal | Ard
Pota Óir

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0469

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Pota Óir
Ins an am fadó nuair a bhí na Fianna i n-Éirinn deirtear go rabhadar ag leanacht námhad leó siar an bealach seo.
Casadh sean-bhean leó ar an mbealach a bhí ag iarraidh iad a stopadh. Thugadar leo í ach ba ghearr gur sheas sise in a n- aghaidh agus dubhairt sí,
"Seo é an ait a bhfuil fód mo bháis agus leáigh na bFiann ní chorróchaibh as seo mé." Bhí siadsan ag iarraidh í a thabhairt leo ach chinn sé ortha. D'fhágadar in a ndiaidh annsin í agus d'imthigheadar leó. Bhí sparán mór óir ar iomchar aice. Rinne sí poll síos san talamh agus leag sí buatais lán suas d'ór síos ann. Chuir sí draoidheacht ar an ór agus dubhairt

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Colm Ó Cúláin
Inscne
fireann
Seoladh
An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
Faisnéiseoir
Peadar Ó Cúláin
Gaol
tuismitheoir
Inscne
fireann
Seoladh
An Teach Mór, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge