Scoil: Sailearna (Buachaillí)

Suíomh:
Na hAille, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
M. Ó Catháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0555

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0061, Leathanach 0555

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Sailearna (Buachaillí)
  2. XML Leathanach 0555
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Pósaidhthe
    Is ins an inid is mó a bhíos na daoine thart anseo ag pósadh. Deirtear go mbeadh an t-ádh ar na daoine a phósann Dia Luain agus Dia Máirt agus Diardaoin. Deirtear nach mbeadh an t-ádh ar na daoine a phósann Dia Céadaoin nó Dia h-Aoine nó Dia Sathairn.
    Luan soir is Máirt siar,
    Is Diardaoin sonaidh,
    Soir nó siar.
    Sén cial atá leis an rann seo ná dá mbeadh an cailín óg ag dul soir ó theach a h-athar is Dia Luain a phósadh sí. M'ás siar a bhíos an cailín ag dul ó theach a h-athar phósadh sí Dia Máirt. Agus dá bpósfadh sí Diardaoin, ba chuma soir nó siar a rachfadh sí.
    Tá pisreoga ann i dtaobh an phósta. Nuair a théigheann an bhean óg
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Colm Ó Conghaile
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Conghaile
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Cnoc, Co. na Gaillimhe