Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)
- Suíomh:
- Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Uinsionn Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíní Díoma
- XML Leathanach 0237
- XML “Bean an Dlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bean a' dlighe.Fear saidhibhir agus sanntach bu eadh Seán Mór Ó Domhnaill as Tír Connaill. Bhí beirt nigheanach aige, ceann aca in a mnaoí ba dhóigheamhla, is ba deise in a cuma, a maoin améin is a sgéimh a chonnaic tú a riamh, agus an ceann eile comh míofhuar is d'féadfadh bean abheith.
Tháinic Seán Óg Ó Cléirigh a' iarraidh na mná áilne mar bhean céile. "Ní bhfuighfidh tú a choidhce í muna a bhfuil a meachan de ór agat", arsa an tathair leis. Bhí fhios ag an bhfear nach raibh sin aige agus dimthigh sé.
Bhí fhios ag an athair go bhfuigheadh an cailín deas, fear lá ar bith. Ní rabh aicí ach an focal a rád agus thiocfadh tréan sgoth fear in a cómhair, ach níorbh amhlaidh leis an ngirsigh eile. Bféidir go bpósfadh sí lá éigin, ach ní ghlacfadh fear ar bith i ar a son féin.
Dhíol Seán Óg Ó Cléirigh a chuid talaimh agus leis an airgead tháinig sé arais arís chuig athair na girsighe Cuireadh an t ór sa sgála agus an cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionnsíos Ó Chonáin
- Inscne
- Fireann