School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Poll na bhFia Thiar, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0145

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0145

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0145
  3. XML “Scéalta”
  4. XML “Luibheanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    arsan fear mar bhí fatchíos air roimh an robáilidhe a bhí ag cainnt. Chuaidh sé chuig an gabhainn le comhairle a fhághail. D'innis sé a sgéal do'n ngabhainn. Chuaidh an fear abhaile. Lá ar na bháireach chuir an fear an cat ins an mála le dul ag an mBaile Mór mar a cheap an cat. Chuaidh an fear isteach ins an gceardhchain agus leag sé an mála treasna an ionneoin. Nuair a d'airigh an cat é ghlaoidh sé amach "Ar t-anam ná sgar leis an mála." Bhí beirt fhear ar gach taobh de'n inneoin agus tharraing siad ar an mála le dhá órd gur dhein siad mior-sprus de'n cat. Bhí an mí-adh ar an bhfear ó'n lá sin amach mar sidheóg a bhí ins an cat.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Luibheanna.
    (1) Coinneal Mhuire :- sin an 'mullan plant'. Luibh le h-aghaidh gearradh.
    (2) Roimhéil-ríogh :- Fásann sé an mhór is catóigín de bhileóg air. Plástar le gearradh nó rud mar sin.
    (3) Luibh na Mná Chaoin :- Luibh a mbíodh ag na Mná Chaoin na daoine a a [!] tháinig roimh an dream seo, mar leigheas ar chuile rud.
    (4) Croch-Phádhraig :- Luibh le h-aghaidh gearradh. Naomh Pádhraig a chuir é. Gheobhfaidh tú amuigh idir dhá chloich é. Bheitheá ag bualadh in aghaidh dhá chloich é go mbeadh sé an-bheag agus é a fháisgeadh ar an gearradh agus chreasadh sé i dhá lá é.
    (5) Toirpín :- a fhásann ar bhinn an tighe. Luibh le h-aghaidh súile tinne.
    (6) Meacan na chaora :- Le dhá cnámh a greamadh le céile.
    (7) Meacan an Chompany :- Le h-aghaidh 'consumpation'. [!]
    (8) The Maiden Hair :- Le h-aghaidh 'consumpation'. [!]
    (9) Teangean an Sionnach :- Dilleóg a bhíon i poll a' chlaidhe. Le h-aghaidh consumpation [!] is Garleóg agus Hemlock.
    (10) Maighistir na Luibheanna ar fad seadh an 'Forget me not'. Tá sé go maith
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Riocáird de Búrca
    Gender
    Male
    Age
    80
    Address
    An Chathair Mhór, Co. na Gaillimhe