Scoil: Northampton (uimhir rolla 6396)

Suíomh:
Northampton, Co. Galway
Múinteoir:
Tomás Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0146

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0048, Leathanach 0146

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Northampton
  2. XML Leathanach 0146
  3. XML “Luibheanna”
  4. XML “Scéalta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    le h-aghaidh gach rud. Aon duine a bheadh i measg na sidheóga is é sin timcheall a mhuinéal nach dhéanfadh siad aon rud air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéalta.
    (1) Chonnaic mé bean ag teacht o'n mBaile Mór. Bhí buachaill as an mbaile seo 'Mike Hehir' agus bhí sé ag gearradh cruithneachtan le corrán. Chuir sé gearradh mór ar a lámh is ní fhéadfadh siad an fhuil a stopadh. An bhean seo chuaidh sí ar a dhá glúin ar thaobh an bhóthair. Fuair sí caonach as poll a claidhe is dubhairt sí padair eicínt isteach ann. Leag sí an caonach isteach leis an gearradh. Stop sé sin an fhuil i nóiméad. 'Witch' a bhí innti is bhí 'charm' aici.
    (2) Bhí fear ann fadó is bhíodh franncach in a dhiaidh gach áit a bheadh sé ag dul. Chuaidh sé go dtí America agus go dtí Astráil agus bhí an 'rat' in a dhiaidh i gchomhnuidhe. Bhí fear in aiche le Cinn Mhara is bhí peata de 'weasel' aige. Dubhairt an fear go marbhóchadh an 'weasel' an franncach. Chuaidh sé ag an bhfear is bhí an franncach in a dhiaidh. Tháinig an fear eile amach leis an 'weasel'. Ní fhaca tú ariamh beirt ag imirt mar iad. Rinne an 'weasel' poll isteach is amach tré nead siogán. Bhí an poll ag dul isteach an mhór is an ceann ag dul amach an-bheag mar is gnathach. Thosuigh an bheirt ag rith isteach is amach trídh an bpoll. An uair sé nuair a bhí an 'rat' ag dul amach bhí an 'weasel' ar bhárr an nead is rug sé ar an franncach is mharbhuigh sé é. D'íoc an fear an fear eile is chuaidh sé abhaile go sásta leis féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    2. agents (~1)
      1. animal-lore (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Riocáird de Búrca
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Cahermore, Co. Galway