School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0115

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0115

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0115
  3. XML “Seanscéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 1. Bhí fear ' na chomhnuidhe i gCathair na Madra agus sé an t' ainm a bhí air ná Seán Ó Laoghaire. Lá amháin bhí sé ag dul thar caisleán Dún Guaire. Bhí an fear an fiosrach, ní raibh rud ar bith ag dul uaidh. Theastuigh uaidh gach rud a fheiceál. An lá seo chuala sé gleo istigh sa gCaisleán, agus shíl sé gurbh saighdiúirí a bhí ann. Chuaidh sé isteach sa gcaisleáin agus nuair a bhí sé leath-bhealaigh cuala sé na daoine ag rith síos agus nuair a dhearc sé timcheall níorbh saighdiúirí a bhí ann ach sídeóga. Nuair a chonnaic sé na sídeóga tháinig braighin [eagla] air agus léim sé ó bhárr an chaisleáin amach agus tháinig sé in aghaidh cloiche nó gur briseadh a chos. Níor mhair an fear ach lá in a dhiaidh sin.
    2. Bhí fear ' na chomhnuidhe i gCilltartan agus sé an t'aim a bhí air ná Stiopháin de Róiste. Tugadh "Stiopháin na Sídeóga" mar leas-ainm air mar bhíodh na sídeóga ar lorg an fhir seo i gcomhnuidhe. An lá seo bhí sé ag teacht ó Gort Inse Guaire. Nuair a bhí sé ag dul thoir lios chuala sé siosgadh taobh istigh de'n balla. Iteach leis sa bpáirc agus thosuigh sé ag caitheadh cloch leis na sídeóga. Nuair a bhí na sídeóga imthighthe as amharc d' conntuigh an fear agus chuaidh sé i dtreó a cháirr. Bhí sé in aice an cárr thuit sé leis an meann [eagla] a tháinig air nuair a chonnaic
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Mícheál Ó Congaoile
    Gender
    Male
    Address
    Gortaboy, Co. Galway