School: Northampton (roll number 6396)

Location:
Northampton, Co. Galway
Teacher:
Tomás Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0127

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0048, Page 0127

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Northampton
  2. XML Page 0127
  3. XML “Scéalta faoi na Siógaí”
  4. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag droicead locurra arís. Tug sé buidéal fíon a bhí in a póca aige do'n sagairt . "Cá bhfuair tú é sin" arsan sagart. "Ó 'Mrs Moloney' " arsan fear. "Níor dhíol sí aon deor araimh de sin" arsan sagart. D'innis an fear an sgéal do'n sagart.
    Tá sé ráidhte gur b'shin é an céad cárr a tháinig go h-Éirinn ariamh.
    (7) Bhí fear fadó ann is chonnaic sé an cóiste bodhar bhí sé in a comhnuidhe i ndáil le Cinn Mhara. Chuaidh sé ar cuairtigh san oidhche. Nuair a chuaidh sé amach as an teach a bhí sé ar chuairt ann cuala sé an torann ag teacht arais an bóthar in a aghaidh. Rith sé leis fhéin agus bhí an doras dúnta in a aghaidh. Bhí 'crowbar' in aghaidh an dorais le na choinneál dúnta. Chuir sé an 'crowbar' le 'drive' in aghaidh an 'back-door'. Chuaidh sé go dtí an bhfuinneóg le an cóiste a fheiceál. Cóiste mór dubh a bhí ann agus gan aon capall fuaithe is beirt in a suidhe suas gan aon cloige-ann orra.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Sgéal.
    Chuaidh fear amach Lá Bealtaine is chonnaic sé girrfiadh istigh faoi'n mbó is é ghá crúdh. Bhí cú bheag in éindigh leis agus lean an chú í agus bhain sí greim as a cos is í ag dul isteach trí bhfuinneóig tighe. Nuair a chuaidh an fear isteach bhí sean chailleach ag socrúgh a chos 'san áit ar bhain an cú greim de
    Sgéal.
    Bhí fear fadó ann is ní raibh ach aon mhac amháin agus bhí sé an saidhbhir. Taisbáineadh do'n athair go marbhócaidhe é leis tóirneach nuair a bheadh sé an oiread seo do bhlianta d'aois. Thosuigh an t-athair ag déanamh áit
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0934: The Prince and the Storm
    Language
    Irish