School: Northampton (roll number 6396)
- Location:
- Northampton, Co. Galway
- Teacher: Tomás Ó Domhnalláin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Northampton
- XML Page 0105
- XML “Uamhain Chill Chóirne”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Uamhainn Chill' Chóirne(1)
Thuas ar bhárr Bhéil na Tulach (Corkscrewhill) tá uamhainn nó pluais. Uair amháin chuaidh mór-sheisear de na buachaillí ba bhreaghachta a bhí sa bparóiste, chuaidh siad isteach san uamhainn seo, féachaint céard a bhí istigh nó cé'n sort áite a bhí ann. Thugadar beartanna tuighe is coinnlí go leor leo leis an áit a lasadh suas dóibh féin. I gceann achair bhí idir coinnlí is tuighe caithte aca, agus gan fhios acab cá rabhadar. Chuadhadar tré uisce is tré salachar agus tré na bóithrí ba bhreághachta dá bhfacadar ariamh.
Nuair a d'airigh a muinntir ar iarraidh iad chuaidh siad gá lorg. Chruinnigh sluagh mór ag béal an phuill, is ba gheall le socraid an méid aca a bhí ann. Thar éis trí lá is trí oidhche tháinig siad amach, is iad tuirseach caithte. Casadh sagart leo istigh san uamhainn, sagairt a cailleadh sa bparóiste tamall roimhe sin, agus sé a chuir ar an eolas iad. Labhair sé leo agus d'aithin siad é.(2)
Thárla sé seo ag an uamhainn céadna, Uamhainn Chill' Chóirne. Bhí garrdha breágh coirce ag an bhfear seo in aice an uamhainn. Bhí an coirce fásta 'na gheamhair maith láidir(continues on next page)- Informant
- Padhraic Ó Nualláin
- Gender
- Male
- Age
- 80
- Address
- Kinvarradoorus, Co. Galway