Scoil: Naomh Breandán, Gaillimh
- Suíomh:
- Gaillimh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Mac Eochaidh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0234](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0031%2FCBES_0031_0234.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0234
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dhóibh agus bheadh tú leigheasta nó siúcra agus gallaoireach a mheasga le na céile agus iad a chur le blioscóide. Leicneac
Sé an leigheas atá ar an leicneac ná na focla seo a rádh agus tú ag dul thar mhuic! "Bhuclach bhuclach seo chugat an leicneac."
Cleithín
Seo an leigheas atá ar sin ná a dhul go dtí fear a bheadh indon orámha a shocrughadh agus thar nóchadh sé an cráimh amach agus bheadh tú leigheasta.
Sleabhnan
Dealg spionáin a sháith isteach ann agus bheadh tú leigheasta.
Dóigh
Do theanga a chuimilt go a luachair agus annsin do theanga a chumilt de'n dóigh agus bheadh tú leigheasta.
An Bhruitíneach
Sugh neantóga a ól agus é te.
Tinneas Fiacla
Luagán lathaighe a chur in do bhéal agus trí sgréach a bhaint as.