Scoil: Crois-Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0345
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear an-ghlic do b'eadh an Goban Saor. Bhí mac aige. Uair amháin chuir an Gobán Saor a mhac chuig an margadh le craiceann caorach
agus an an t-olann air a dhíol agus dubhairt leis an craiceann is a luach a thabhairt abhaile dhó. D'imthigh an mac leis acht nuair chuala na daoine céard a bhí sé ag rádh, d'imthigheadar ar a bhealach. Sa dheire thiar thall thainig cailín óg chuige agus deimheas aici. Ghearr sí an t-olann de'n chraiceann agus thug luach olna dó. D'imthigh an mac abhaile annsin thug an t-airgead is an craiceann d'athair. D'iarr an t-athair ar a mhac fios a chur ar an gcailín teacht chuige agus a rádh léithe gan teacht san ló nó san oidhche, gan teacht ar bhóthar nó treasna páirce agus gan teacht leí féin acht mar sin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe