Scoil: Crois-Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0336
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo sgéal faoi'n gCailligh Bhéara, do chualas ó mo sean-athair - Micheál Ó Lurgáin.
La amhaín bhí sgata fear ag réidhtiu a gcuid spealanna le páirc féir a bhaint nuair a tháinig an Cailleach Béara chuca agus dubhairt sí go mbainfeadh a leath de'n pháirc san am a thógfadh sé dóibh a gcótai a bhaint díobh agus faobhair a chur ar a gcuid speal an lá in a dhiaidh sin. Dubhradar léi nach mbéadh sí i ndon. D'imthigh sí léi annsin agus nuair abhí sí imthighthe fuair na fir píosaí d'iarann agus sháith siad san talamh iad i dtreo is nach mbéadh an Chailleach i ndon oibriu go tapaidh.
Tháinig sí ar ais lá ar na bhárach agus a speal aici. Bhain sí an t-iarann le a speil chomh tapaidh is a bhain sí na tráithníní. Nuair a dhearc na fir(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Micheál Ó Lurgáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe