Scoil: Crois-Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan

Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0039, Leathanach 0339
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fadó bhíodh ceann gach tighe déanta de sgráitheanna; ní raibh ceann tuighe acht ag cor-cheann.
Bhíodh "cailleach" in gach teach ag a cúl fadó agus na sean-daoine (an t-athair is an mháthair) a chodluighlí innti. Bhíodh simne i roinnt teach agus é déanta de 'dáib' agus tuighe. Ghníodhtí fráma le ceithre píosaí adhmaid ar dtús agus annsin cuirtí an dáib agus an tuighe fighte le chéile idir an fráma.Tugtaoi 'maide beama' nó treasnán ar an maide mór ar a luigheann an fráma sin. Tá
simne mar sin i dteach deirbhfiúra mo shean-mháthar i gCoill a' Thalaimh, 3 nó 4 míle ón áit seo.
Ní bhíodh simne ar bith i dteachaibh eile acht poll in díon an tighe.
Dhúnadh na daoine na doirse san oidhche le "Maide Éamuin".
Bhíodh i ngach teach fadó acht fuinneóg(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe