Scoil: Crois-Bhóthar
- Suíomh:
- Poll an Chorraigiúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Ní Bhreitheamhan
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Crois-Bhóthar
- XML Leathanach 0343
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Uair amháin bhí fear ann arbh ainm dó Páidín Ó Mogáin. Athair do Shéamus Ó Mogáin - atá in a shean-fhear anois - do b'eadh é. Bhí
sé in a chomhnuidhe i gCluain Caoilbhigh. Deirtí gur sórt sideóige abhí ann, mar uair amháin d'imthigh na 'daoine maithe' go Sligeach ag robáil tighe-ghrúduighthe agus d'imthigh seisen leó. Cheap se gur ar chapall rása abhí sé ag marcuigheacht nó gur shroich sé an áit 'na bhfuil an muilleann ag Pat Lynch anois. Chonnaic sé annsin gur ag chéacht ádhmaid abhí sé ag marcuigheacht agus dubhairt sé "M'anam ó'n diabhal, droch-rath ar mo shean-mhaide béam".- Bailitheoir
- Áine Ní Bhriain
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cluain Caoin Beag, Co. na Gaillimhe