Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)

Suíomh:
Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr M. Colmán
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
  2. XML Leathanach 0002
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    léinteacha fear as éadach láidir a ceannuightear ins na siopaí ar a dtugtar “Calacó” agus cuirtear brollaigh línéadacha ionnta. “Anthraid” a tugtar ar an línéadachsin, a’s seasann na léinteacha sin an-fhada dhóibh.
    Déantar an-chuid stocaí a chniotáil sa mbaile sa bparáiste. Déantar stocaí le h-aghaidh na bhfear, stocaí le h-aghaidh na sean-mhná agus stocaí le h-aghaidh na bpáistí sgoile. Déanann siad an snáith a sníomhadh sa mbaile i gcuid de na tighthe agus ceannuigheann na daoine nach bhfuil túirní aca sa muileann é.
    Tá go leor túirní sa bparáiste, ach tá cúig cinn ar an mbaile againn. Nuair a déantaoi olann a shníomhadh ins na tighthe fadó, déantaoi an t-olann a bhogadh le’n a dhéanadh mín le “ola bhígh”. Déantaoi é a chárdáil le cárlaí agus déantaoi roiléarí as. Cuirtí an túirne i lár an urláir, agus cuirtí na gléasanna air chun tosnú. Cuirtí an fearsad ar an slionán tosuigh. Cuirtí an sreang tré eag an tromán ar an bhfearsad agus thart ar fhleasg an rotha. Castaoi an roth annsin agus déantaoi an snáith as na roiléarí.
    Bhíonn dhá chulaith ag na daoine annois, “culaith le h-aghaidh an Dómhnaigh is culaith le h-aghaidh an Luan mar deirtear. Caitheann na daoine éadaigh speisialta
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Stiophán Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe