Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
- Suíomh:
- Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Sr M. Colmán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Chailleach Bhéarach
----Bhí bean ann fadó agus 'An Chailleach Bhéarrach an t-ainm a bhí uirri. Bhí sí in a cómhnaidhe i nGort a'Chaladh agus bhí draoidheacht aici.
Gach bliadhain bhíodh sí a' marbhughadh fear. D'iarr sí fear a' baint fhéir gach bliadhain agus mharbhuigh sí gach ceann aca. D'iarr sí fear uair agus bhí faitchíos mór air go mbarbhóchadh sí é. Bhí an fear seo pósta agus d'innsigh sé a sgéal dá mhnaoi.
'Sí an sórt bean a bhí innti ná cailín as Muigheó a tháinig a' lorg oibre. Nuair a tháinig sí go dtí an teach seo choinnigh sé fhéin agus a athair í mar chailín aimsire. Tar éis tamaill pnós an fear óg í agus mhair an triúr go sona sásta.
Nuair a d'innsigh an fear dí go raibh an Cailleach Bhéarach ghá iarraidh dubhairt sise nach mbeadh an Cailleach i ndon é a mharbhú dá ndéanfadh sé an rud a déarfadh sí féin leis.
Dubhairt sí leis annsin a dhul go Muigheó agus bhí gabha ann a raibh an-cháil air. Dubhairt sí leis a rádh leis an gabha seo speal a dhéanamh dhó agus fobhairt a chur ann le allus a mhalaí agus deich mbior iarann a dhéanamh dó.
Bhí go maith, d'imthigh leis go dtí an gabha agus nuair a tháinig sé chuige, d'fhiafruigh an gabha dhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Stiophán Ó Briain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe