Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)

Suíomh:
Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr M. Colmán
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0001

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0001

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
  2. XML Leathanach 0001
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Éadaighe
    Ins an bparáiste in a bhfuilim-se in mo chómhnaidhe nil ach beirt táilliúirí. Tá ceann aca in aice baile againn agus tá an ceann eile ins an taobh eile de’n pharáiste. Oibrigheann siad in a dtighthe féin anois, ach fadóbhíodh siad a’ dul thart timcheall ó theach go teach.
    Uaireannta chaithidís seachtmhain nó mí in áiteacha agus bhíodh siad ag codhladh ins an teach in a mbíodh siad ag obair. Fadó bhíodh roinnt éadaigh istigh ag an táilliúr agus bhíodh sé a’ déanamh cultacha a cheapadh sé go bhfeileadh do na fir óga. Dhíoladh sé annsin iad agus bhaineadh sé an oiread airgid díobh is go mbeadh roinnt bheag sochair aige, asta, ach, anois tugann na daoine an t-adhbhar chuige agus déanann sé an culaith dhóibh.
    Caitheann na daoine an t-éadach a ceannuightear ins na siopaí anois, ach amháin an mhuinntir a dhéanas an t-éadach sa mbaile, siad sin muinntir Árann agus muinntir Chonnamara. Ní chaitheann na daoine an bréidín anois mar tá siad ró-ghalánta le’n a chaitheadh.
    Tuairim is ceathrachadh bliadhain ó shoin bhíodh léinteacha dhá dhéanamh as línéadach an bhaile, ach ó shoin i leith níl siad á ndéanamh mar cuireadh deireadh leis an lín san áit. Ach déantar roinnt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Stiophán Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe