Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)

Suíomh:
Baile Nua Mhic Gabhann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Sr M. Colmán
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0031, Leathanach 0009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire (Newtownsmith)
  2. XML Leathanach 0009
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá tuairim is sé reiligí sa bparáiste againnn. Tá ceann i gCeathramha an Bhrúnaigh agus is "Lisín Dháithe" a tugtar air. Tá ceann i gCillín agus "Reilig Chillín" a tugtar air. Tugtar "Reilig Bhaile an Treasna" ar cheann eile. "Teampall Shiubháin Ní Laighin", "Múr-Ros-Cham" agus "Reilig Mhionnluigh" a tugtar ar chin eile. Cuirtear daoine i ngach ceann aca fós ach amháin i "dTeampall Shiubháin Ní Laighin". Tá cuma dronuilleógach orra ar fad.
    Níl aon fhothrach ar bith in aice na reiligí ins an bparáiste seo againne, ach tá roinnt fothracha cóingaracha d'óibh. Tuairim is ceithre chéad slat ó reilig Cheathramha an Bhrúnaigh tá fothracha de chaisleán na mBrúnach, dream a bhí in a gcómhnaidhe san áit sa seachtmhadh aois déag.
    Tá na reilige ar fad leibhéalta ach amháin go bhfuil roinnt clocha annseo agus annsiúd ionnta. Níl aon chran nnó tor ionnta anois. Bhí cúpla ceann ann ach nuair a d'eirigh siad sean bhain na fir iad nuair bhí siad ghá nglanadh. Tá roinnt sean-chroiseanna ann fós ach tá na daoine a'cur croiseanna móra cloiche agus ainmneacha na ndaoine atá caillte scríobhtha orra, ós cionn gach uaight.
    Bhíodh tuambaí i gcuid de na religí fadó agus bhíodh an duine caillte curtha isteach ionnta.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Stiophán Ó Briain
    Inscne
    Fireann
    Aois
    62
    Seoladh
    Ceathrú an Bhrúnaigh, Co. na Gaillimhe