Scoil: Corr an Droma
- Suíomh:
- Cor an Droma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Breandán Ó Míodhcháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr an Droma
- XML Leathanach 0458
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“In aimsir na "Faction Fights" ba iad muinntear Oisín agus muinntear Mic Aodha ba mhó a bhíodh páirteach ionnta anseo.”
(ar lean ón leathanach roimhe)In aimsir na "Faction Fights" ba iad Muinntear Oisín agus Muintear Mic Aodha ba mhó a bhíodh páirteach ionnta annseo. Tá sé suas lé ceithre sgór bliadhain anois ó bhí a leithéidí ann san áit seo. Pé sgéal é, níor thaithnigh an obair seo leis an sagart beag nó mór agus is minic a labhair sé na n-aghaidh. Bhí " scuffle" mór eatorra lá amháin agus bhí fear óg laidir bríoghmhar de Mhuinntir Oisín, Uaitéar a bhí mar ainm air, agus ní raibh fear ar bith in ann seasamh in a aghaidh ann. An chéad Dómhnach eile bhí an sagart ag labhairt arís agus dubhairt sé agus é ag tagairt d'on throid deiridh:- "Tá fear eile ag éirigh suas anois ann a dtugann siad Uaitéar air agus tá sé níos measa ná ceachtar aca". Deirtear , m'ás fíor nó breag é, gur éirigh athair Uaitéar agus dubhairt sé :- "Bhí sé ann a mháram, agus níor mhór ann é, a Athair."- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 72
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Caisleán na Craobhaí, Co. na Gaillimhe